Ervia logo

Comhordaitheoir Sceidealaithe agus Seolta / Scheduling and Dispatch Coordinator

ErviaMullingar, Westmeath1 weeks ago
Westmeath

Description

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, cinntítear gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról: 

Tá feidhm na nOibríochtaí Sócmhainní ina bunchloch maidir le soláthar seirbhísí do chustaiméirí, leis an gcomhshaol a chosaint agus le caighdeáin rialála a chomhlíonadh chomh maith le formhór an chaiteachais oibriúcháin a bhainistiú. Tá freagracht ar réimse feidhme na nOibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil agus nósanna imeachta oibríochta caighdeánacha le haghaidh oibríochtaí Uisce agus Fuíolluisce go náisiúnta agus go réigiúnach, rud a chinntíonn go gcuirtear luach ar airgead agus seirbhís do chustaiméirí ar fáil. 

Tá an Réimse Feidhme Sreafa Oibre freagrach as bainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar an obair lasmuigh ar fad trí shaolré iomlán an ord oibre ón gcéim pleanála go dtí deireadh na hoibre. Áirítear leis sin maoirseacht a dhéanamh ar thionscnamh, seoladh agus cur chun cinn orduithe oibre, iarratais seirbhíse a phróiseáil, acmhainní sásúla a leithdháileadh, deiseanna cuachta a shainaithint, réamhriachtanais oibre a shainaithint, orduithe oibre a chruthú a bheidh le cur chun cinn agus le seoladh chuig an réimse, bainistiú na lóistíochta agus na stórtha chun gur féidir fardail a rialú go héifeachtach agus go héifeachtúil, fógra éartha seirbhíse a phróiseáil agus gearáin a réiteach.

Tá an folimistéar Sceidealaithe agus Seolta freagrach as sceidealú, bainistíocht acmhainní agus seoladh oibre a bhainistiú agus a chomhordú chun an obair a chríochnú agus a sheoladh chuig acmhainní allamuigh. 

Tá an Comhordaitheoir Sceidealaithe agus Seolta freagrach as sceideal na ngníomhaíochtaí a sholáthar d’oibríochtaí, cothabháil, Caipiteal agus obair dheisiúcháin ón uirlis sceidealaithe chun an t-ualach oibre a bharrfheabhsú, agus tosaíochtaí oibre agus srianta acmhainní a chomhlíonadh. Áirítear leis seo bainistiú a dhéanamh ar na heisceachtaí nach bhfuil pleanáilte go huathoibríoch ag an arduirlis sceidealaithe chun aon riosca a mhaolú, agus sceidealú de láimh a dhéanamh de réir mar is gá. 

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí: 

  • Freagrach as an bpróiseas cuimsitheach a bhainistiú ón sceideal go dtí an seoladh deiridh le haghaidh riachtanais ordaithe oibre arna nginiúint ar Maximo i gcóras sceidealaithe Uisce Éireann (m.sh. Sceidealóir Clic) chun sceideal uathoibrithe gníomhaíochtaí a sholáthar le haghaidh oibríochtaí. Freagrach freisin as obair chothabhála agus deisiúcháin chomh maith le hobair atriallach seachadta caipitil arna seachadadh ag conraitheoirí.

  • Na heisceachtaí nach féidir a phleanáil go huathoibríoch ag an arduirlis sceidealaithe a bhainistiú agus sceidealú de láimh a dhéanamh nuair is gá.

  • Obair a leithdháileadh ar acmhainní ar leith agus bunsceidil oibre a atheagrú nuair is gá athruithe a dhéanamh ar an sceideal.

  • Freagrach as infhaighteacht acmhainní a chothabháil san uirlis sceidealaithe. 

  • Freagrach as seoladh éifeachtach na hoibre chuig acmhainní allamuigh a chinntiú.

  • Freagrach as idirchaidreamh a dhéanamh leis an tSraith Bainistíochta Eatramhach / Criúnna áitiúla agus bainistíocht/ Uisce / Oibríochtaí Cóireála Fuíolluisce / Oibríochtaí Líonra agus C&D/ Ceannasaithe Fhoireann C&D/ agus le foirne ábhartha Seachadta Sócmhainní agus Conarthaí chun sceidil agus infhaighteacht criúnna a bhainistiú agus a nuashonrú, fadhbanna acmhainní a chur in iúl de réir mar is gá don Cheannasaí Foirne agus don tSraith Bainistíochta Eatramhach. 

  • Freagrach as dul chun cinn tráthúil orduithe oibre stádais oscailte a chinntiú de réir mar is gá, ag cinntiú go seoltar orduithe oibre agus go ndéantar monatóireacht orthu chun tacú le seachadadh seirbhíse. 

  • Obair a chur in ord tosaíochta agus raon na hoibre a mheas le haghaidh sceidealú agus seoladh chuig an limistéar i gcás aláraim le linn gnáthuaireanta, Eachtra éartha seirbhíse, éigeandáil, riachtanais CRF, custaiméirí leochaileacha nó eachtra neamhphleanáilte/frithghníomhacha eile den chineál céanna agus aon ghníomhaíochtaí meara eile. 

  • Freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar na hoibreacha ar fad atá ar siúl sa réimse, ag cur rudaí in ord tosaíochta arís is arís eile nuair is gá.

  • Ní mór freagra a thabhairt ar cheisteanna seolta ón réimse de réir mar is gá. 

  • Freagrach as anailís ar bhunchúiseanna a dhéanamh agus sainaithint réiteach a sholáthar chun tacú le sceidealú agus seoladh m.sh. béim a chur ar chumas easpach chun tabhairt faoi na hoibríochtaí, pleananna cothabhála agus deisiúcháin i limistéar ar leith. 

  • Freagrach as a chinntiú go bhfuil réamhriachtanais i bhfeidhm roimh orduithe oibre sceidealaithe de réir mar is gá, ag déanamh idirchaidrimh leis an Anailísí Lóistíochta agus Tionscnamh Oibre agus foireann Cuachta maidir leis an méid sin. 

  • Freagrach as cumas na foirne a ailíniú ar an tasc agus na hacmhainní úsáide sa réimse a bharrfheabhsú. 

  • Tá tuiscint láidir ag teastáil ar an gcineál oibre sa réimse chun a bheith in ann sceidealú éifeachtach a bhainistiú agus seoladh na hoibre chuig foirne bonn réimse. 

  • Freagrach as tacaíocht a thabhairt don Ionad Teagmhála do Chustaiméirí, d'Uasligean Gearán Sreafa Oibre agus d’fhoirne Sreafa Oibre eile maidir le saincheisteanna/fiosrúcháin ar bith ó chustaiméirí. 

  • Freagrach as aon dualgais eile a chur i gcrích a mheastar atá ag teastáil agus/nó atá riachtanach, a d’fhéadfadh Ceannasaí Foirne Sceidealta agus Seolta a iarraidh go réasúnta.

  • Tacú le Sreabhadh Oibre agus Seirbhís do Chustaiméirí trí dhualgais agus tascanna eile a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil (m.sh. mar phointe teagmhála d’idirchaidreamh ar ghléasra ar cíos, Éaradh Seirbhíse Lódála a Nuashonrú agus a Thuairisciú, Réitigh Ghearáin Leantacha a Fhiosrú srl). 

  • Oibriú go dlúth le feidhmeanna eile laistigh de Shreabhadh Oibre (m.sh. Dul Chun Cinn, Cláir Ghearán agus Líonraí) agus Oibríochtaí Sócmhainní chun seirbhís chruinn atá dírithe ar chustaiméirí a chinntiú. 

  • Freagrach as córais, próisis agus meicníochtaí cosanta den sórt sin a fhorbairt, a thástáil agus a choinneáil cothrom le dáta (m.sh. liostaí teagmhála, córais láimhe agus logaí srl) chun a bheith in ann sceidealú as líne agus bainistiú oibre a dhéanamh (m.sh. i gcás cliseadh córas nó cibirionsaí). 

  • Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith. 

  • Dualgais eile mar a leagtar amach ag an mbainistíocht líne. 

     

     

Eolas, Scileanna agus Taithí:

  • Tá cáilíocht agus/nó creidiúnú ábhartha tríú leibhéal inmhianaithe 

  • 2 bhliain de thaithí ábhartha ar a laghad ag teastáil. Tá taithí sa tionscal uisce nó fóntas nó i dtionscail atá cosúil leo inmhianaithe 

  • Taithí ar ról comhchosúil i mbainistiú oibre, i bpleanáil oibre, i maoirseacht leabhar oibre nó a chomhionann. 

  • Buneolas ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán, na bpróiseas agus na nósanna imeachta a bhaineann le sceidealú agus seoladh na hoibre 

  • Sár-bhuneolas ar Maximo 

  • Taithí ar a bheith ag obair le córais lena n-áirítear córais bhainistíochta oibre (m.sh. Sceidealóir Clic, Workspace One, Maximo, srl.) 

  • Scileanna ríomhaireachta m.sh. inniúlacht láidir in Excel 

  • Scileanna láidre anailíse agus réitithe fadhbanna 

  • Táimid uaillmhianach - réimsí nua foghlama a aithint go réamhghníomhach chun tacú le feabhas leanúnach a chur ar ghníomhaíochtaí S&S 

  • Cumas cinntí a dhéanamh bunaithe ar anailís faisnéise laistigh de thimpeallacht a ghluaiseann go tapa agus a dhíríonn ar an gcustaiméir 

  • Déanfaimid beart de réir ár mbriathair do chustaiméirí agus pobail - taithí ar ghnó atá dírithe ar chustaiméirí 

  • Scileanna sármhaithe cumarsáide scríofa agus labhartha 

  • Oibrímid níos fearr le chéile - cumas láidir dea-chaidreamh oibre a fhorbairt agus a choinneáil 

  • Taithí ar idirchaidreamh a dhéanamh le geallsealbhóirí inmheánacha agus seachtracha ar sheoladh orduithe oibre 

  • Buneolas ar chur i bhfeidhm na gcaighdeán, na bpróiseas agus na nósanna imeachta a bhaineann le tionscnamh oibre agus próisis chuachta 

  • Eolas teicniúil agus/nó taithí inmhianaithe 

 

Is é an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo ná 29/05/2026.

Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo.

 

*Tabhair faoi deara go gcuirfear tú ar an raon tuarastail atá bunaithe ar do scileanna agus taithí, má éiríonn leat. Tabhair faoi deara gurb ionann pointe tagartha Margaidh (lárphointe) an raoin agus an chuid is airde den tairiscint go ginearálta, nuair a mheastar go bhfuil duine go hiomlán ábalta tabhairt faoi dhualgais an róil, agus tugtar an deis don fhostaí dul chun cinn a dhéanamh tríd an raon pá de réir mar a fhorbraíonn a t(h)aithí a thuilleadh.

 

Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann.

 

Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus cuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

 

 

We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.

We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role: 

The Asset Operations function forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards as well as managing the majority of operational expenditure.. The Asset Operations function has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning and standard operating procedures for Water and Wastewater operations both nationally and regionally, ensuring that value for money and customer service is delivered. 

The Workflow Functional Area is responsible for the management and monitoring of all outdoor work through the full work order lifecycle from planning to closure. This includes overseeing the initiation, dispatch and progression of work orders, processing of service requests, allocating adequate resources, identification of bundling opportunities, identification of work pre-requisites, creation of work orders to be progressed and dispatched to the field , the management of the logistics and stores to enable effective and efficient inventory control, Outage notification & processing and complaint resolution.

The Scheduling & Dispatch sub-area is responsible for the managing and co-ordination of scheduling, resource management and work dispatch to fulfil work completion and dispatch of work to field resources. 

The Scheduling and Dispatcher Coordinator is responsible for producing the schedule of activities for operations, maintenance, Capital and repair work from the scheduling tool to optimise workload, meet work priorities and resourcing constraints. This includes managing the exceptions which are not automatically planned by the advanced scheduling tool to mitigate any risk, manually scheduling as required. 

Main Duties & Responsibilities: 

  • Responsible for managing the end to end schedule to dispatch process for work order requirements generated on Maximo into the Uisce Éireann scheduling system (e.g. Click Scheduler) to produce the automated schedule of activities for operations, maintenance and repair work as well as repetitive capital delivery work delivered by contractors

  • Managing the exceptions which cannot automatically be planned by the advanced scheduling tool and manually scheduling when necessary.

  • Allocating work to specific resources and reorganising original work schedules when changes to the schedule are required.

  • Responsible for maintaining resource availability in the scheduling tool. 

  • Responsible for ensuring the effective dispatch of work to field resources.

  • Responsible for liaising with the Operations Management / Local crews and management / Water / Wastewater Treatment Operations / M&R and Network Operations / M&R Team Leads/ and relevant Asset Delivery and Contract teams to manage and update schedules, crew availability and resourcing, flagging resourcing issues as required to the Team Lead and Operations Management.

  • Responsible for ensuring the timely progression of open status work orders as required, ensuring work orders are dispatched and monitored to support service delivery. 

  • Prioritise and scope work for scheduling and dispatch to the field in the event of an in-hours alarm, Outage event, emergency, CRU requirements, vulnerable customers or similar unplanned / reactive event and any other rapid activities. 

  • Responsible for monitoring all on going works in the field, re prioritising where required

  • Required to respond to dispatch queries from the field as required. 

  • Responsible for providing root cause analysis and solution identification to support scheduling and dispatch e.g. highlighting inadequate capability to undertake the operations, maintenance and repair plans in a particular area. 

  • Responsible for ensuring that prerequisites are in place before scheduling work orders as required, liaising with the Logistics Analyst and Work Initiation and Bundling team on same. 

  • Responsible for aligning crew capability to task and optimising the use resources in the field. 

  • Required to have strong understanding of the type of work in the field to be able to manage effective scheduling and dispatching of work to field base teams. 

  • Responsible for supporting the Customer Contact Centre, Workflow Escalations and other Workflow teams with any customer issues / queries. 

  • Responsible for carrying out any other duties deemed necessary and / or required, which the Scheduling and Dispatch Lead or Supervisor may reasonably request.

  • Support Workflow & Customer Service through other duties and tasks as may be required (e.g. as the point of contact for Plant hire liaison, Outage Loading Updating & Reporting, Complaint Resolution Follow Up etc) 

  • Work closely with other functions within Workflow (e.g. Progression, Complaints Programmes & Networks) & Asset Operations to ensure all round customer orientated service 

  • Responsible for developing, testing and keeping up to date such systems, processes  and failsafes (e.g. contact lists, manual systems & logs etc )  to allow for offline scheduling and management of work (e.g. in event of systems failure or cyberattack) 

  • Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation. 

  • Other duties as required by line management 

     

     

Knowledge, Skills and Experience:

  • Relevant third level qualification and or accreditation is desirable 

  • Min 2-year relevant experience is required. Experience in the water, utilities or similar industries is desirable 

  • Experience in a similar role in work management, work planning, workbook oversight or equivalent. 

  • Working knowledge of the application of the standards, processes and procedures relevant to scheduling and dispatch of work

  • Excellent working knowledge of Maximo 

  • Experience working with systems including work management systems (e.g. Click Scheduler, Workspace One, Maximo, etc) 

  • Computing skills i.e. strong proficiency in Excel 

  • Strong analytical and problem-solving skills 

  • We aim high - proactively identify new areas of learning to support the continual improvement of S&D activities 

  • Ability to make decisions based on analysis of information within a very fast paced, customer focused environment 

  • We deliver for customer and communities  - experience in a customer focused business 

  • Excellent written and verbal communication skills 

  • We work better together - strong ability to build and maintain working good relationships 

  • Experience liaising with internal & external stakeholders upon the dispatch of work orders 

  • Working knowledge of the application of the standards, processes and procedures relevant to work initiation and bundling processes 

  • Technical knowledge and/ or experience preferred 

     

 

The closing date for receipt of applications for this vacancy is 29/05/2026.

Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted.

 

*Please be advised that if successful you will be placed on the salary range based on your skills and experience. Please note the Market reference point (midpoint) of the range is generally the upper end of the offer where someone is deemed to be fully competent to take on the duties of the role, and leaves room for the employee to progress through the pay range as their experience develops further.

 

Uisce Éireann is an equal opportunities employer.

 

We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.