University College Cork logo

Language Assistant x 2, Ionad na Gaeilge Labhartha

University College CorkDublin, IrelandToday
Dublin

Description

Further Vacancy Details Language Assistant x 2, Ionad na Gaeilge Labhartha Cúntóir Teanga Barr na gCnoc, Ionad na Gaeilge Labhartha Post Lán-Aimseartha Téarma Seasta (Críoch 31 Nollaig 2026) Is mian le Coláiste na hOllscoile Corcaigh Cúntóir Teanga a cheapadh. Beidh an té a cheapfar faoi chúram Stiúrthóir Ionad na Gaeilge Labhartha. Tionscnamh de chuid Ionad na Gaeilge Labhartha is ea Barr na gCnoc. Agus é á mhaoiniú ag an Údarás um Ard-Oideachas, is í an phríomhchuspóir ná an Ghaeilge a chothú mar chumasóir sóisialta agus oideachasúil i scoileanna DEIS i gceantar na hOllscoile. Mairfidh an tionscnamh go lár 2027. Scoil láir an tionscnaimh ná Gaelcholáiste Mhic Shuibhne (GMS) i gCnoc an Chuilinn / Cnoc na hAoine, ina raibh scéim phíolóiteach á rith ó 2017 ar aghaidh le tacaíocht UCC. Cuireann Barr na gCnoc roimhe torthaí na scéime sin a bhuanú in GMS agus a leathnú go scoileanna eile, bunscoileanna san áireamh. Dualgais: •         Tacaíocht teanga a sholáthar do dhaltaí dara leibhéal agus/nó daltaí ag leibhéal na bunscoile atá ag freastal ar scoileanna comhpháirtíochta Barr na gCnoc. •         Tacaíocht teanga a sholáthar do dhaltaí dara leibhéal atá ag freastal ar scoileanna comhpháirtíochta Barr na gCnoc. •         Tacaíocht teanga aonair agus ghrúpa a sholáthar do dhaltaí, lena n-áirítear foghlaim teanga agus cleachtadh teanga. •         Gníomhaíochtaí agus tascanna foghlama teanga a éascú. •         Caidrimh dhearfacha a fhorbairt agus a chothabháil le daltaí, múinteoirí agus tuismitheoirí. •         Cúnamh a thabhairt le forbairt agus cur i bhfeidhm clár, acmhainní agus ábhar teanga. •         Rannchuidiú le timpeallacht foghlama dhearfach agus tacúil trí inniúlacht chultúrtha a léiriú agus cuimsiú a chur chun cinn. •         Comhoibriú le múinteoirí agus le cúntóirí teanga eile chun eispéiris foghlama teanga ar ardchaighdeáin a sholáthar. •         Tacú le comhordú clár Gaeilge laistigh den scoil lena n-áirítear clár teagaisc agus Cláir Chónaitheachta sa Ghaeltacht. •         Páirt a ghlacadh i bhforbairt agus i seachadadh gníomhaíochtaí seach-churaclaim chun foghlaim teanga agus cleachtadh teanga lasmuigh den seomra ranga a chur chun cinn. •         Feasacht agus tuiscint chultúrtha a chur chun cinn. •         Polasaithe, cleachtais agus nósanna imeachta na scoile a leanúint. Tá le tabhairt faoi deara go bhféadfadh Grinnfhiosrúchán de chuid an Gharda Shíochána, agus/nó faomhadh ó phóilíní idirnáisiúnta, bheith ina chuid den bpróiseas roghnúcháin. Tá pacáiste eolais ina bhfuil sonraí an phoist, na critéir roghnaithe agus eolas faoin bpróiseas iarratais le fáil ag https://ore.ucc.ie/. Tharlódh go ndéanfadh an Ollscoil, do réir mar ba mhian léi, ceapachá(i)n b(h)reise ón gcomórtas seo nuair a bheidh an próiseas i gcrích. Is féidir an post a phlé go neamhfhoirmiúil agus faoi rún leis an Ollamh Pádraig Ó Macháin: Guthán: 021 4902340, Ríomhphost: p.omachain@ucc.ie. Tá eolas breise ar Ionad na Gaeilge Labhartha le fáil ag http://www.ucc.ie/ucc/igl/ Tá Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, meáite ar bheith ina ollscoil uileghabhálach uilí, a earcaíonn agus a thacaíonn le comhghleacuithe ó gach earnáil sa phobal. Tá comhionannas, ilghnéitheacht agus cuimsiú ina luachanna láir againn faoin ár bPlean Straitéiseach. Tá duais cré-umha Athena Swan againn a aithníonn a thugtha is atáimíd don gcomhionannas a chur chun cinn san ard-oideachas. Cúis mhórtais dúinn gur fostaitheoirí comhionannais sinn, agus meallaimíd iarratais ó gach duine, gan bhuíochas dá aois, seasamh cúraim, míchumas, cine, féinaitheantas inscne, náisiúntacht, stádas pósta/páirtíocht shibhialta, toircheas agus máithreachas, creideamh, agus/nó gnéaschlaonadh. Táimíd meáite ar thacú le foireann tré shocruithe solúbtha oibre, pholasaithe ceanúla clainne, traenáil agus forbairt, agus gréasáin fhoirne. Is mór linn an saibhriú a eascraíonn ó phobal ilghnéitheach agus iarraimíd comhionannas a chothú, an t-idirdhealú a sheachaint, agus cearta daonna gach éinne a chosaint de réir na reachtaíochta comhionannais. Molaimíd d’iarrthóirí breithniú ar ár bPolasaí um Dhígnit agus Meas agus a thuilleadh a fhoghlaim i dtaobh ár dTograí EDI. Déanfar ceapachán ar Scála Tuarastail Admin V: €51,307 - €62,926 (Scale B) / €49,070 - €59,893 (Scale A) Socrófar tuarastal an té a cheapfar do réir pholasaí phá na hearnála poiblí. Molaimid duit teangáil a dhéanamh linn má bhíonn cúnamh nó oiriúint réasúnta uait i rith an phróisis earcaíochta. Tabhair faoi deara gur ar líne tré Microsoft Teams nó i bpearsain a bheidh na hagallaimh sa chéad áit. Tharlódh go n-iarrfaí ar iarrthóirí agallamh breise a dhéanamh i bpearsain sa chás gur ar líne a bheadh an chéad agallamh. Cuirfear scéal go dtí na hiarrthóirí de réir mar a oireann. Ní foláir iarratais a dhéanamh ar líne tré thairseach na bhfolúntas ar shuíomh idirlín Choláiste na hOllscoile Corcaigh (https://ore.ucc.ie/). Ba cheart aon cheist i dtaobh an phróisis seo a thagairt do recruitment@ucc.ie agus teideal an phoist a lua. Ba cheart d'iarrthóirí iarratas a dhéanamh, i muinín, roimh 12 meán lae (Am Áitiúil na hÉireann) ar an 10 Feabhra 2026. Ní ghlacfar le hiarratais dhéanacha. FOSTAITHEOIR COMHIONANNAS DEISEANNA É COLÁISTE NA HOLLSCOILE CORCAIGH Tá le tabhairt faoi deara go mbraithfidh ceapachán ar bith ar fhaomhadh na hOllscoile, chomh maith le téarmaí an chreata rialaithe fostaíochta don earnáil tríú leibhéil. Contact Person : Padraig O'Machain Contact Email : p.omachain@ucc.ie Job ID : 093433 Contact Number : Close Date : 10-Feb-2026 12:00 Click on the link(s) below to view documents Filesize Notes Candidate Brief 3956.9 Guide For External Applicants 1672.6 Apply for Job Return to Search
About University College Cork