
Accounts Executive
Description
Necessary arrangements can be made at interview stage to accommodate the needs of candidates with disabilities. If you are having difficulty uploading your CV online or in fully accessing any information on this site please email Recruitment@ntma.ie
Role Profile
Job Title: Accounts Executive
Business Unit: State Claims Agency
Reports to: Senior Accounts Executive
Closing Date: 07/10/2026
Summary of the Business
The NTMA provides a range of asset and liability management services to Government. These services include borrowing on behalf of the Government and management of the National Debt, the State Claims Agency, NewERA, the Ireland Strategic Investment Fund, the Future Ireland Fund and the National Development Finance Agency. It also assigns staff and provides business and support services and systems to the National Asset Management Agency, the Strategic Banking Corporation of Ireland and the Home Building Finance Ireland.
The NTMA is designated as the State Claims Agency (SCA) when performing the claims management and risk management functions delegated to it under the National Treasury Management Agency (Amendment) Act 2000.
The SCA’s principal objectives are:
- The SCA is obliged by statute to manage delegated claims and counterclaims in such manner as to ensure that the liabilities of the State authorities are contained at the lowest achievable level. In performing this function the SCA seeks to act fairly and ethically in its dealings with people who have suffered injuries and who take legal actions against the State or State bodies, and the families of these people; and
- To implement targeted personal injury and property damage risk work programmes to mitigate litigation risk in State authorities and healthcare enterprises, in order to reduce the costs of future litigation against the State.
- The SCA is obliged by statute to manage claims for legal costs, and recovery of legal costs however such costs are incurred.
The SCA’s remit covers personal injury and third-party property damage risks and claims relating to certain State authorities including the State itself, Government ministers, the Attorney General, the Health Service Executive, the voluntary healthcare sector, An Garda Síochána, the Irish Prison Service, the Defence Forces and community and comprehensive schools. It also manages third-party costs arising from certain Tribunals of Inquiry.
Role Summary
The Accounts Executive will be part of the SCA Accounts team, assisting with the duties carried out to support the efficient functioning of the SCA Accounts section. The role will require engagement with NTMA Finance, SCA staff and other business units as appropriate.
Principal Accountabilities
The Accounts Executive will be required to work alongside the other divisions in the SCA.
Principle responsibilities may include:
- Ensuring SCA invoices and payment requests are properly authorised and processed in accordance with SCA quality procedures and other relevant policies and procedures.
- Managing the SCA Accounts team email, to include necessary payment processing and directing or answering queries from payees and internal stakeholders.
- Entering invoices and any associated requirements on the relevant IT systems
- Weekly review of all payments received to ensure that everything received has been actioned.
- Assisting with transactional corrections if required.
- Assisting with audit preparation when required and attending an in-person audit walk through when required.
- Liaising with the SCA claims teams and NTMA finance teams to ensure quick resolution of issues.
- Assisting with managing and maintaining our quality procedures.
- Recording transaction details on the relevant IT systems.
- Other duties as assigned by the Senior Accounts Executive.
Skills
- Excellent communication and time management skills.
- Experience working with Microsoft and document management systems.
- Experience working with financial systems would be an advantage.
Knowledge and Experience
- Accountancy or business relevant qualification.
- The ideal candidate will have some experience working in an accounts function.
Próifíl an Róil
Teideal an phoist: Feidhmeannach Cuntas
Aonad Gnó: An Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát
Freagrach do: Feidhmeannach Sinsearach Cuntas
Achoimre ar an nGnó
Cuireann GBCN réimse seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas ar fáil don Rialtas. I measc na seirbhísí sin tá iasachtaí a thógáil amach don Rialtas agus bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta, na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát, RÉnua, Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, an Chiste um Éire sa Todhchaí agus na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta. Freisin, sannann sé baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, do Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann agus do Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann, agus cuireann sé seirbhísí gnó agus tacaíochta ar fáil dóibh.
Tá GBCN ainmnithe mar an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát (GÉS) agus comhlíonann sé na feidhmeanna maidir le bainistíocht éileamh agus bainistíocht riosca a tharmligtear chuige faoin Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú), 2000.
Is iad príomhchuspóirí GÉS:
- Tá oibleagáid de réir reachta ar GÉS éilimh tharmligthe agus frithéilimh a bhainistiú ar bhealach ina gcinntítear go gcoinnítear dliteanais údaráis an Stáit ag an leibhéal is ísle is féidir. Agus GÉS ag comhlíonadh na feidhme sin, tá sé mar aidhm aige gníomhú go heiticiúil, cóir agus é ag déileáil le daoine ar baineadh gortú dóibh agus a thógann caingne dlí in aghaidh an Stáit nó in aghaidh comhlachtaí Stáit, agus le teaghlaigh na ndaoine sin; agus
- Cláir oibre spriocdhírithe maidir le riosca díobhála pearsanta agus damáiste do mhaoin a chur i bhfeidhm chun riosca dlíthíochta a mhaolú in údaráis Stáit agus i bhfiontair cúraim sláinte, chun costais dlíthíochta i gcoinne an Stáit a laghdú amach anseo.
- Tá oibleagáid de réir reachta ar GÉS éilimh ar chostais dlí a bhainistiú agus costais dlí a aisghabháil cibé slí a dtabhaítear na costais sin.
Clúdaíonn an sainchúram atá ar GÉS rioscaí agus éilimh maidir le díobháil phearsanta agus damáiste do mhaoin tríú páirtí a bhaineann le húdaráis Stáit áirithe lena n-áirítear an Stát féin, airí Rialtais, an tArd-Aighne, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, an earnáil cúraim sláinte dheonaigh, an Garda Síochána, Seirbhís Phríosúin na hÉireann, Óglaigh na hÉireann agus scoileanna pobail agus scoileanna cuimsitheacha. Bainistíonn sé costais tríú páirtí a eascraíonn as Binsí Fiosrúcháin áirithe freisin.
Achoimre ar an Ról
Beidh an Feidhmeannach Cuntas ar Fhoireann Cuntas GÉS, agus cuideoidh sé nó sí leis na dualgais a dhéantar chun tacú le feidhmiú éifeachtach Rannóg Cuntas GÉS. Beidh gá le comhoibriú le Foireann Airgeadais GBCN, le foireann GÉS agus le haonaid ghnó eile de réir mar is iomchuí.
Príomhfhreagrachtaí
Beidh ar an bhFeidhmeannach Cuntas oibriú i gcomhar leis na rannóga eile in GÉS.
D'fhéadfadh na príomhfhreagrachtaí seo a leanas a bheith san áireamh:
- A chinntiú go ndéantar sonraisc agus iarratais íocaíochta GÉS a cheadú agus a phróiseáil i gceart i gcomhréir le nósanna imeachta cáilíochta GÉS agus beartais agus nósanna imeachta ábhartha eile.
- Ríomhphost Fhoireann Cuntas GÉS a bhainistiú, lena n-áirítear an phróiseáil íocaíochta is gá agus ceisteanna ó íocaithe agus ó pháirtithe leasmhara inmheánacha a sheoladh ar aghaidh nó a fhreagairt.
- Sonraisc agus aon riachtanais ghaolmhara a iontráil ar na córais TF ábhartha.
- Athbhreithniú seachtainiúil ar na híocaíochtaí uile a fuarthas lena chinntiú gur déileáladh le gach rud a fuarthas.
- Cabhrú le ceartúcháin maidir le hidirbhearta más gá.
- Cúnamh a thabhairt le hullmhú i gcomhair iniúchóireachta nuair is gá agus a bheith i láthair go pearsanta ag seisiún ina dtéitear tríd an iniúchadh nuair is gá.
- Teagmháil a dhéanamh le foirne éileamh GÉS agus foirne airgeadais GBCN lena chinntiú go réiteofar saincheisteanna go tapa.
- Cabhrú le bainistiú agus cur i bhfeidhm ár nósanna imeachta cáilíochta.
- Sonraí idirbheart a thaifeadadh ar na córais ábhartha TF.
- Dualgais eile de réir mar a shannann an Feidhmeannach Sinsearach Cuntas iad.
Scileanna
- Scileanna cumarsáide agus bainistíochta ama den scoth.
- Taithí ag obair le Microsoft agus le córais bainistíochta doiciméad.
- Buntáiste a bheadh i dtaithí ag obair le córais airgeadais.
Eolas agus Taithí
- Cáilíocht ábhartha sa chuntasaíocht nó sa ghnó.
- Beidh roinnt taithí ag obair i bhfeidhm chuntasaíochta ag an iarrthóir is fearr.
The NTMA is proud to be an equal opportunities employer. We recognise that a diverse and inclusive workplace informs better decision making, creative thinking, innovation and drives business performance. We are strongly committed to ensuring that our workforce is representative of our society.
