
Senior Project Manager
Description
Necessary arrangements can be made at interview stage to accommodate the needs of candidates with disabilities. If you are having difficulty uploading your CV online or in fully accessing any information on this site please email Recruitment@ntma.ie
Role Profile
Job Title: Senior Project Manager
(Operational Public Private Partnerships (PPP) contracts)
Division/Function: NDFA
Reports to (job title): Project Director
Job Family: Programme Project Management
Job Type: Permanent
**Closing Date for Applications: 7th October 2026
Summary of the Business
The National Treasury Management Agency (NTMA) provides asset and liability management services to the Irish Government. Businesses managed by the NTMA include borrowing for the Exchequer and the management of the National Debt, the New Economy and Recovery Authority (NewERA), the National Development Finance Agency (NDFA), the Ireland Strategic Investment Fund, the Future Ireland Funds and the State Claims Agency. The NTMA also assigns staff to the National Asset Management Agency, the Strategic Banking Corporation of Ireland and Home Building Finance Ireland.
The NDFA provides financial advice to State authorities on infrastructure projects with a capital value over €75 million and is also responsible for the delivery of Public Private Partnership (PPP) projects for State authorities (with certain exceptions such as Transport Infrastructure Ireland). In addition, the NDFA provides asset management services in respect of the operation and maintenance of PPP facilities. It also delivers Exchequer Funded capital projects on behalf of certain State authorities, including the Department of Education and Youth and certain local authorities. Following the publication of the Government’s Accelerating Infrastructure Report and Action Plan the NDFA also provides support and assistance to Government Departments and Agencies on major capital infrastructure projects.
Role Summary
The NDFA is seeking to recruit a Senior Project Manager to our operational PPP contract management team. The NDFA contract management team is responsible for providing contract management and commercial support services to government clients across a portfolio of operational PPP education/social infrastructure projects.
This is a senior professional role with leadership and management responsibilities. The successful candidate will be expected to demonstrate excellent commercial and contractual experience, including asset management experience. The ability to engage with stakeholders and counterparties and to lead and develop our team are also key aspects of the role.
Key Responsibilities
Some of the key tasks the successful candidate will be required to perform include:
- Leading and developing a project management team delivering services to client Government Departments and Agencies.
- Creating and maintaining stakeholder relationships with various parties including internal and external stakeholders and maintaining good project corporate governance structures, including chairing project team meetings and representing the NDFA at key project meetings.
- Developing strong relationships with counterparties and ensuring that the integrity and reputation of the NTMA/NDFA is held in high regard in all dealings.
- Ensuring project compliance with operational and facility management requirements.
- Contributing to the preparation of the procurement documents and tender evaluation for projects in procurement.
- Engaging with client Departments and counterparties to implement robust climate action/sustainability strategies on projects.
- Preparing high quality reports, recommendations, board papers and presentations.
- Monitoring and reporting of project risks and control measures including in relation to costs and change control, programme, health and safety and construction quality.
- Procurement and management of external advisors.
- Providing support and advice to Government Departments and Agencies in delivering on their wider capital investment priorities.
Qualifications/Knowledge
- Third level degree (or equivalent), or higher, in construction, engineering, quantity surveying, project management, architecture or building services/asset management related discipline.
- Chartered membership of a relevant professional body is desirable.
- Project management qualification is desirable.
- Knowledge of key issues and management strategies associated with climate change/sustainability, heating, ventilation, energy management and building management systems (BMS) on large scale building projects.
- Knowledge of facilities management services provision.
- An understanding of PPP contracts.
Experience
Relevant experience includes (but is not limited to):
- 10 years relevant experience including significant commercial and contractual infrastructure and facilities management experience, demonstrating ability to deliver on the role summary and key responsibilities, as set out above.
- Experience of the operation of facility management contracts is desirable.
- Experience working on PPP projects is desirable.
- Experience in energy consumption management and monitoring and building performance management systems is desirable.
- Experience in commercial negotiations and/or dispute resolution.
- Experience leading and developing teams.
Skills
- Excellent team leadership and project management skills.
- Excellent collaboration and stakeholder management skills.
- Highly innovative with strong analytical and decision-making skills.
- Strong problem solving skills.
- Excellent communications (written, oral and presentation) skills.
- Possess a high level of accuracy and attention to detail while simultaneously seeing the bigger picture enabling them to make informed recommendations.
- Full clean driving licence.
Working at the NTMA offers excellent benefits including:
- Flexible work options including hybrid working and variable work hours.
- An extensive wellbeing programme.
- Excellent learning and development opportunities that allow for full career development within the organisation.
- A diverse range of initiatives: LGBT+, Gender Matters, Disability Advocacy, Sports & Social, Volunteering and lots more.
- Reimbursement of annual professional membership fees.
- Career Average Defined Benefit Pension Scheme.
The NTMA is proud to be an equal opportunities employer. We recognise that a diverse and inclusive workplace informs better decision making, creative thinking, innovation and drives business performance. We are strongly committed to ensuring that our workforce is representative of our society.
Próifíl an Róil
Teideal an Phoist: Bainisteoir Sinsearach Tionscadal
(Conarthaí Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí (CPP) Oibríochtúla)
Roinn/Feidhm: An Ghníomhaireacht Airgeadais d'Fhorbairt Náisiúnta (GAFN)
Freagrach do (teideal poist): Stiúrthóir Tionscadail
Aicme an Phoist: Bainistíocht Tionscadail Clár
Cineál Poist: Buan
**Dáta Deiridh d’Iarratais: 7 Deireadh Fómhair 2026
Achoimre ar an nGnó
Cuireann Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (GBCN) seirbhísí bainistíochta sócmhainní agus dliteanas ar fáil do Rialtas na hÉireann. I measc na ngnóthaí atá á mbainistiú ag GBCN tá iasachtaí a thógáil amach don Státchiste agus bainistíocht an Fhiachais Náisiúnta, an Údaráis um Gheilleagar Nua agus um Théarnamh (RÉnua), na Gníomhaireachta Airgeadais d’Fhorbairt Náisiúnta (GAFN), Chiste Infheistíochta Straitéisí na hÉireann, na gCistí um Éire sa todhchaí agus na Gníomhaireachta um Éilimh ar an Stát. Freisin, sannann GBCN baill foirne don Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, do Chorparáid Baincéireachta Straitéisí na hÉireann agus do Mhaoiniú Teaghais-Tógála Éireann.
Cuireann GAFN comhairle airgeadais ar fáil d'údaráis Stáit maidir le tionscadail bhonneagair a bhfuil luach caipitil os cionn €75 milliún acu agus tá sé freagrach freisin as tionscadail Comhpháirtíochta Príobháidí Poiblí (CPP) a sholáthar d'údaráis Stáit (le heisceachtaí áirithe amhail Bonneagar Iompair Éireann). Ina theannta sin, cuireann GAFN seirbhísí bainistíochta sócmhainní ar fáil maidir le feidhmiú agus cothabháil saoráidí CPP. Cuireann sé tionscadail chaipitil a mhaoiníonn an Státchiste ar fáil thar ceann údaráis Stáit áirithe freisin, lena n-áirítear an Roinn Oideachais agus Óige agus údaráis áitiúla áirithe. Tar éis fhoilsiú Thuarascáil agus Phlean Gníomhaíochta um Luathú Bonneagair an Rialtais, cuireann GAFN tacaíocht agus cúnamh ar fáil do Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais maidir le tionscadail mhóra bonneagair caipitil freisin.
Achoimre ar an Ról
Tá GAFN ag lorg Bainisteoir Sinsearach Tionscadal don fhoireann bainistíochta conarthaí CPP oibríochtúla. Tá foireann bainistíochta conarthaí GAFN freagrach as seirbhísí bainistíochta conarthaí agus tacaíochta tráchtála a sholáthar do chliaint Rialtais thar phunann de thionscadail oideachais/bonneagair sóisialta CPP oibríochtúla.
Is ról gairmiúil sinsearach é seo lena mbaineann freagrachtaí ceannaireachta agus bainistíochta. Beifear ag súil go léireoidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi an-taithí tráchtála agus an-taithí ar chonarthaí, lena n-áirítear taithí ar bhainistíocht sócmhainní. Is gnéithe tábhachtacha den ról iad an cumas idirghníomhú le páirtithe leasmhara agus le contrapháirtithe agus ár bhfoireann a threorú agus a fhorbairt.
Príomhfhreagrachtaí
Seo a leanas cuid de na príomhchúraimí a bheidh ar an iarrthóir a n-éireoidh leis nó léi:
- Foireann bainistíochta tionscadal a threorú agus a fhorbairt chun seirbhísí a chur ar fáil do Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais ar cliaint dár gcuid iad.
- Caidrimh le páirtithe leasmhara éagsúla a chothú, lena n-áirítear páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha, agus struchtúir a choinneáil ar bun maidir le dea-rialachas corparáideach tionscadal, lena n-áirítear cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe foirne tionscadail agus ionadaíocht a dhéanamh ar GAFN ag cruinnithe tábhachtacha tionscadail.
- Caidrimh láidre a fhorbairt le contrapháirtithe agus a chinntiú go bhfuil ard-mheas ar ionracas agus ar chlú GBCN/GAFN i ngach gnóthaíocht.
- A chinntiú go gcomhlíonann an tionscadal ceanglais oibríochtúla agus bainistíochta saoráidí.
- Rannchuidiú le hullmhú na ndoiciméad soláthair agus le meastóireacht tairisceana le haghaidh tionscadail i réimse an tsoláthair.
- Dul i gcomhairle le Ranna agus le contrapháirtithe ar cliaint iad chun straitéisí láidre maidir le gníomhú ar son na haeráide/leis an inbhuanaitheacht a chur i bhfeidhm i dtionscadail.
- Tuarascálacha, moltaí, páipéir bhoird agus cuir i láthair ar ardchaighdeán a ullmhú.
- Faireachán agus tuairisciú ar rioscaí tionscadal agus ar bhearta rialaithe, lena n-áirítear i ndáil le costais agus rialú athraithe, clár, sláinte agus sábháilteacht agus cáilíocht tógála.
- Soláthar agus bainistíocht comhairleoirí seachtracha.
- Tacaíocht agus comhairle a chur ar fáil do Ranna agus Gníomhaireachtaí Rialtais agus iad ag cur a dtosaíochtaí níos leithne i ndáil le hinfheistíocht chaipitil i bhfeidhm.
Cáilíochtaí/Eolas
- Céim tríú leibhéal (nó a comhionann) nó níos airde san fhoirgníocht, san innealtóireacht, sa tsuirbhéireacht chainníochta, sa bhainistíocht tionscadal, san ailtireacht nó i ndisciplín a bhaineann le seirbhísí foirgníochta/bainistíocht sócmhainní.
- Is inmhianaithe comhaltas cairte i gcomhlacht gairmiúil ábhartha.
- Is inmhianaithe cáilíocht sa bhainistíocht tionscadal.
- Eolas ar phríomh-shaincheisteanna agus straitéisí bainistíochta a bhaineann leis an athrú aeráide/inbhuanaitheacht, téamh, aeráil, bainistíocht fuinnimh, agus córais bainistíochta foirgneamh i gcás tionscadail mhórscála tógála.
- Eolas ar sholáthar seirbhísí bainistíochta saoráidí.
- Tuiscint ar chonarthaí CPP.
Taithí
Áirítear leis an taithí ábhartha (ach níl sí teoranta dóibh seo):
- Taithí ábhartha 10 mbliana lena n-áirítear an-taithí ar bhainistíocht conarthaí agus bainistíocht tráchtála ar bhonneagar agus ar shaoráidí, lena léirítear an cumas an ról agus na príomhfhreagrachtaí a chomhlíonadh, mar a leagtar amach thuas.
- Is inmhianaithe taithí ar oibriú conarthaí bainistíochta saoráidí.
- Is inmhianaithe taithí ar thionscadail CPP.
- Is inmhianaithe taithí ar bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh ar ídiú fuinnimh agus ar chórais bainistíochta feidhmíochta foirgneamh.
- Taithí ar idirbheartaíocht tráchtála agus/nó réiteach díospóidí.
- Taithí ar fhoirne a threorú agus a fhorbairt.
Scileanna
- Scileanna ceannaireachta foirne agus bainistíochta tionscadal den scoth.
- Scileanna comhoibrithe agus bainistíochta páirtithe leasmhara den scoth.
- An-nuálach agus scileanna láidre anailíseacha agus cinnteoireachta.
- Scileanna láidre réitigh fadhbanna.
- Scileanna cumarsáide den scoth (scríofa, ó bhéal agus cur i láthair).
- Ardleibhéal cruinnis agus aird ar mhionsonraí chomh maith le léargas ar an mórphictiúr ionas gur féidir moltaí feasacha a dhéanamh.
- Láncheadúnas glan tiomána.
Baineann buntáistí den scoth le bheith ag obair ag GBCN, lena n-áirítear:
- Roghanna oibre solúbtha lena n-áirítear obair chumaisc agus uaireanta oibre inathraithe.
- Clár fairsing folláine.
- Deiseanna foghlama agus forbartha den scoth lenar féidir forbairt gairme iomlán a bhaint amach laistigh den eagraíocht.
- Raon leathan tionscnamh: LADT+, Cúrsaí Inscne, Abhcóideacht ar son Lucht Míchumais, Spóirt agus Sóisialta, Obair Dheonach agus go leor eile.
- Aisíocaíocht táillí bliantúla don bhallraíocht ghairmiúil.
- Scéim Pinsin le Sochar Sainithe ag Meánráta na Gairmréime.
Tá GBCN bródúil as bheith ina fhostóir comhdheiseanna. Aithnímid go gcuireann ionad oibre ilchineálach ionchuimsitheach bonn eolais faoi chinnteoireacht níos fearr, faoi smaointeoireacht chruthaitheach, faoin nuálaíocht agus go spreagann sé feidhmíocht ghnó. Táimid an-tiomanta do chinntiú go bhfuil ár lucht saothair ionadaíoch ar ár sochaí.
The NTMA is proud to be an equal opportunities employer. We recognise that a diverse and inclusive workplace informs better decision making, creative thinking, innovation and drives business performance. We are strongly committed to ensuring that our workforce is representative of our society.
