Ervia logo

Anailísí Bóithre & Fóntas / Roads & Utilities Analyst - North West Region (Castlebar/Donegal/Roscommon)

ErviaDonegal4 days ago
Donegal

Description

This role covers the North West Region and cane be based in our Castlebar, Donegal or Roscoomon UÉ offices.

Is sinne Uisce Éireann. Gach lá, bímid freagrach as seirbhísí uisce atá slán, sábháilte agus inbhuanaithe a sholáthar do mhuintir na hÉireann. Mar fhóntas uisce rialáilte náisiúnta na hÉireann, is í ár bhfís go mbeidh Éire inbhuanaithe ann ina bhfuil meas ar uisce agus ina bhfuil sé cosanta, don domhan agus do na saolta uile a gcothaítear leis.

Is é an cuspóir atá ag Uisce Éireann ná a bheith inchurtha leis an dúshlán a bhaineann le seirbhísí bunathraitheacha uisce a sholáthar chun go mbeidh rath ar phobail. Ciallaíonn sé sin go bhfuilimid bródúil as an bhfreagracht a ghlacadh as ár soláthar uisce a chosaint agus córas sábháilte uisce a chur ar aghaidh chuig daonra atá ag fás go tapa agus fás sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann a chumhachtú.

Táimid paiseanta faoi chumhacht a thabhairt dár ndaoine, iad a chumasú tionchar dearfach a bheith acu ar phobail ar fud na hÉireann. Tá comhfhís agus comhchuspóir mar threoir againn, agus cloímid le luachanna a shainíonn cé sinne agus a mhúnlaíonn an chaoi a n-oibrímid, áit a bhfreastalaímid ar chustaiméirí agus ar phobail, a n-oibrímid níos fearr le chéile, a ndéanaimid an rud ceart, a mbíonn uaillmhianta againn, agus a gcoinnímid a chéile slán. Is trínár n-iompar a shainítear an chaoi a ndéanaimid caidreamh agus cumarsáid le chéile, agus a mbíonn rath orainn le chéile. Baineann na luachanna agus an t-iompar seo le gach duine againn, thar gach ról, suíomh, agus leibhéal.

Is é an sprioc atá againn daoine oilte agus cumasacha ó chúlraí éagsúla a mhealladh agus a fhorbairt, agus tabharfaidh na daoine sin raon dinimiciúil saineolais agus léargas chuig ár gcuid oibre. Agus lucht saothair láidir luachbhunaithe ag Uisce Éireann, is cinnte gur féidir linn seirbhísí uisce na hÉireann a chur chun cinn agus freastal ar riachtanais na bpobal a bhfreastalaímid orthu, agus gur féidir linn leanúint ar aghaidh leis an obair sin do na glúnta atá le teacht.

An Ról: 

Tá Oibríochtaí Sócmhainní Uisce Éireann mar bhunchloch maidir le soláthar seirbhíse do chustaiméirí, an comhshaol a chosaint agus caighdeáin rialála a chomhlíonadh. Tá freagracht ag Oibríochtaí Sócmhainní as straitéis oibríochta agus cothabhála, beartais, pleanáil, nósanna imeachta oibriúcháin caighdeánacha Uisce agus Fuíolluisce náisiúnta agus réigiúnacha, agus bainistiú caiteachais oibríochta.

Tá an fhoireann Bóithre agus Fóntais laistigh den fheidhm Rialaithe ar Oibríochtaí Sócmhainní. Beidh freagracht fhoriomlán ag an bhfoireann as bunú agus cur i bhfeidhm struchtúr comhsheasmhach um Cheadúnas Oscailte Bóithre agus Athchóirithe d’Oibríochtaí Sócmhainní ar fud na tíre. Spreagfaidh an fhoireann bunú na socruithe le fóntais agus le páirtithe leasmhara eile a bhfuil comhéadan ag bonneagar Uisce Éireann leo, lena n-áirítear gníomhaireachtaí iarnróid, leictreachais, gáis, uiscebhealaí agus teileachumarsáide.

Beidh an tAnailísí Bóithre agus Fóntas mar phríomhbhall den fhoireann Bóithre agus Fóntas agus beidh sé/sí freagrach don Cheannasaí Teicniúil Bóithre agus Fóntas. Tacóidh an ról le cur i bhfeidhm agus bainistiú próisis chaighdeánaithe náisiúnta agus bealaí oibre do Cheadúnú Oscailte Bóithre agus Athchóirithe, ag cinntiú go gcomhlíontar ceanglais rialála, treoirlínte na Roinne Iompair (Sonraíochtaí BIÉ agus eile) agus dea-chleachtais tionscail.

Tacóidh an ról le hOibríochtaí Réigiúnacha maidir le saincheisteanna oidhreachta a chur chun cinn, le haistriú chuig an múnla amach anseo agus le caidrimh láidre a fhorbairt le príomhpháirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha. Cuideoidh an tAnailísí Bóithre & Fóntas le socruithe a bhunú le fóntais agus le páirtithe leasmhara eile áit a bhfuil comhéadan ag bonneagar Uisce Éireann leo, lena n-áirítear gníomhaireachtaí iarnróid, leictreachais, gáis, uiscebhealaí agus teileachumarsáide.

Beidh an ról lonnaithe san oifig go príomha, agus beidh sé riachtanach ó am go chéile freastal ar chruinnithe lasmuigh den láthair.

Príomhdhualgais agus Freagrachtaí:

  • Tacaíocht a thabhairt chun próisis agus córais éifeachtacha um Cheadúnas Oscailte Bóithre a fhorbairt agus a oibriú chun a chinntiú go gcomhlíonann oscailtí bóithre uile riachtanais rialála, Sonraíochtaí TII (Bonneagar Iompair Éireann) agus dea-chleachtas aitheanta sa tionscal.

  • Cúnamh a thabhairt do na foirne Oibríochtaí Réigiúnacha chun Criúnna Deisithe Líonra a bhainistiú a dhéanann oibreacha oscailte agus athchóirithe bóithre.

  • Ceadúnais Oscailte Bóithre a bhainistiú ar son Oibríochtaí Sócmhainní, lena n-áirítear fabhtanna a réiteach, tuairisciú agus comhordú le foirne Oibríochtaí Réigiúnacha agus le criúnna ábhartha.

  • Conraitheoirí buana athchóirithe a fháil agus a bhainistiú i gcomhréir le próisis um Cheadúnas Oscailte Bóithre, coinníollacha conartha agus riachtanais comhlíontachta.

  • Úsáid a bhaint as córais TF agus Bainistíochta Sócmhainní mar phríomhpháirt den obair laethúil. San áireamh le príomhthascanna agus córais tá na nithe a leanas: 

    • Doiciméid, pleananna agus láithreoireachtaí a ullmhú agus Microsoft Word agus Microsoft PowerPoint á n-úsáid.

    • Tuarascálacha a ullmhú agus Microsoft Excel agus Power BI á n-úsáid.

    • Ceadúnais Oscailte Bóithre a bhainistiú ar an gcóras Ceadúnaithe MapRoad.

    • Oibreacha na gconraitheoirí a bhainistiú i Maximo.

    • Orduithe ceannaigh a dhéanamh amach agus íocaíochtaí le conraitheoirí a phróiseáil in Oracle.

    • Orduithe oibre a bhainistiú agus a sheoladh agus GIS á úsáid.

  • Gearáin ó chustaiméirí, comhlíontacht conraitheoirí, íocaíochtaí agus fabhtanna a bhainistiú.

  • Chun freastal ar chruinnithe le páirtithe leasmhara agus ar chruinnithe ar an láthair, agus chun cur leis na cruinnithe sin, de réir mar is gá. 

  • Caidrimh láidre oibre a fhorbairt agus a choimeád le hÚdaráis Bóithre.           

  • Comhordú a dhéanamh le soláthraithe seachtracha fóntas lena n-áirítear gníomhaireachtaí iarnróid, leictreachais, gáis, uiscebhealaí agus teileachumarsáide.

  • Obair a dhéanamh go dlúth le foirne inmheánacha lena n-áirítear Oibríochtaí Réigiúnacha, Sreabhadh Oibre Oibríochtaí Sócmhainní, Soláthar Bonneagair, Seirbhísí Forbróirí Nasc agus Pleanáil Sócmhainní.                             

  • Bonn eolais a chur chun cinn agus a choimeád do chaighdeáin agus do shonraíochtaí ábhartha, go háirithe an Leabhar Corcra agus Sonraíochtaí Bóithre Náisiúnta TII. Cultúr an fheabhsaithe leanúnaigh a thacú maidir le próisis athchóirithe agus ceadúnaithe. 

  • Cabhrú le monatóireacht agus tuairisciú de réir Príomhtháscairí Feidhmíochta. 

  • Comhlíonadh bheartais Sláinte agus Sábháilteachta, Comhshaoil agus Cáilíochta Uisce Éireann a chinntiú maidir le gníomhaíochtaí oscailte agus athchóirithe bóithre uile.

  • Comhlíonadh riachtanais um bainistíocht tráchta na Roinne Iompair a chinntiú le linn chur i gcrích an tionscadail.

  • Páirt a ghlacadh in oiliúint riachtanach de réir mar a eagróidh Uisce Éireann.

  • Dualgais agus freagrachtaí a chur i gcrích i gcomhréir le beartais, caighdeáin, próisis agus rialuithe Slándála Faisnéise Uisce Éireann chun rúndacht, sláine agus infhaighteacht faisnéise gnó de chuid Uisce Éireann a chosaint, agus seirbhísí ríthábhachtacha a chur i gcrích, i gcomhréir le Treoir NIS (Slándáil Líonra agus Faisnéise) agus le rialachán cibearshlándála ábhartha eile ar bith.
  • Tacaíocht a chur ar fáil do Cheannasaí Teicniúil Bóithre agus Fóntas agus don Bhainisteoir Bóithre agus Fóntais agus fadhbanna a uasligean dóibh de réir mar is iomchuí.

  • Dualgais ar bith eile a chur i bhfeidhm de réir mar a shannfaidh an Ceannasaí Teicniúil Bóithre agus Fóntas nó an Bainisteoir Bóithre agus Fóntais ar bhonn réasúnta agus ar aon dul le riachtanais an ghnólachta.

Eolas, Scileanna agus Taithí:

  • Tá cáilíocht ábhartha tríú leibhéal nó creidiúnú nó taithí oibre choibhéiseach  nó iad uilig go léir inmhianaithe. 

  • Taithí trí bliana ar a laghad in innealtóireacht nó i ndisciplín ghaolmhar, go hidéalach laistigh de bhainistíocht bóithre nó i bhfóntais.

  • Cumas láidir TF agus taithí ar Microsoft Word, PowerPoint, Excel, Maximo, Oracle, GIS, Ceadúnú MapRoad agus ar chórais ghaolmhara a úsáid.

  • Scileanna sármhaithe idirphearsanta, cumarsáide agus imeartha tionchair.

  • Taithí dhomhain ar oibreacha a chomhordú le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.

  • Tuiscint shármhaith ar chonarthaí tráchtála, ar bhainistíocht aighneas agus ar chúrsaí maolaithe riosca agus ar bheart a dhéanamh de réir briathair i gcoinne caighdeáin, ama agus costais.

  • Tá eolas ar an reachtaíocht agus ar na caighdeáin a bhaineann le hoibreacha ar bhóithre poiblí, lena n-áirítear an Leabhar Corcra agus Sonraíocht TII (Bonneagar Iompair Éireann) maidir le hAthchóiriú Oscailtí ar Bhóithre Náisiúnta, ina bhuntáiste

  • Oibrímid níos fearr le chéile - Taithí ar oibreacha a bhainistiú a bhaineann le páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha.

  • Táimid uaillmhianach - Tuiscint mhaith ar chonarthaí tráchtála, ar bhainistíocht aighnis agus ar chúrsaí maolaithe chomh maith lena bheith inniúil ó thaobh cúrsaí caighdeáin, ama agus costais de.

  • An cumas:

    • Caidrimh a fhorbairt d’fhonn spriocanna foirne a bhaint amach agus a bheith in ann déileáil le malairt tuairime agus le heasaontas ar bhealach éifeachtach.

    • Chun tascanna a chur in ord tosaíochta, chun oibriú thart ar sceidil agus chun acmhainní a bhainistiú agus é/í dírithe fós ar spriocanna foirne.

    • Comhoibriú leis na foirne agus leis na feidhmeanna ar fad chun próisis éifeachtúla agus éifeachtacha a mhúnlú agus a chur i bhfeidhm.

    • Faisnéis a anailísiú agus a choimeád slán chun cuir chuige mhalartacha a mheas agus chun moltaí agus cinntí feasacha a dhéanamh.

    • Scileanna cumarsáide iontacha ó bhéal agus i scríbhinn

    Is é 21/08/2026 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais ar an bhfolúntas seo 

    Tabhair faoi deara nach nglacfar le haon iarratas a chuirtear isteach tar éis an dáta deiridh seo. 

     

    Is fostóir comhdheiseanna é Uisce Éireann. 

     

    Táimid tiomanta d'ionad oibre éagsúil agus ionchuimsitheach a chur ar fáil agus tá straitéis agus creat láidir againn ar a dtugtar ibelong chun é sin a chumasú. Is fostóir comhdheiseanna muid agus trínár bpróiseas earcaíochta, spreagaimid agus fáiltímid roimh iarratais ó dhaoine aonair a bhfuil suim acu agus atá cáilithe go cuí beag beann ar inscne, ar aois, ar bhunús ciníoch nó eitneach, ar bhallraíocht den lucht siúil, ar reiligiún nó ar chreidimh, ar stádas teaghlaigh nó ar stádas sibhialta, ar chlaonadh gnéis/ar fhéiniúlacht inscne nó ar mhíchumas.

 

We are Uisce Éireann. Every day, we are responsible for the delivery of secure, safe, and sustainable water services for the people of Ireland. As Ireland’s national regulated water utility, our vision is a sustainable Ireland where water is respected and protected, for the planet and all the lives it supports.

Our purpose at Uisce Éireann is to rise to the challenge of delivering transformative water services that enable communities to thrive. That means we are proud to take on the responsibility of protecting our water supply and passing on a safe and secure water system to a rapidly growing population and empowering Ireland’s social and economic growth.

We are passionate about empowering our people, enabling them to make a positive impact on communities across Ireland. We are guided by a shared vision and purpose, grounded in values that define who we are and shape how we work, where we deliver for customers and communities, we work better together, we do the right thing, we aim high, and we keep each other safe. Our behaviours define how we interact, communicate, and succeed together. These values and behaviours apply to each one of us, across every role, location, and level.

Our goal is to attract and develop skilled and talented people from diverse backgrounds, who bring a dynamic range of expertise and insights to our work. With a strong, values-driven workforce, we ensure Uisce Éireann can continue advancing Ireland’s water services and meeting the needs of the communities we serve for generations to come.

The Role: 

Uisce Éireann Asset Operations forms the cornerstone of service delivery to customers, protecting the environment and meeting regulatory standards. Asset Operations has responsibility for operational and maintenance strategy, policies, planning, national and regional Water and Wastewater standard operating procedures, and management of operational expenditure.

The Roads & Utilities team sits within the Control function of Asset Operations. The team will have overall responsibility standing up and implementing a consistent Road Opening Licence and Reinstatement structure for Asset Operations works nationwide. The team will drive the establishment of arrangements with other utilities and stakeholders where Uisce Éireann infrastructure interface including with rail, electricity, gas, waterways, and telecoms agencies.

The Roads and Utilities Analyst will be a key member of the Roads & Utilities team and will report to the Roads & Utilities Technical Lead. The role will support the implementation and management of standardised national processes and ways of working for Road Opening Licencing and Reinstatements, ensuring compliance with regulatory requirements, Department of Transport guidelines (TII Specifications and other) and industry best practices.

The role will support Regional Operations in progressing legacy issues, transitioning to the future model and the development of strong relationships with key internal and external stakeholders. The Roads and Utilities Analyst will assist in establishing arrangements with other utilities and stakeholders where Uisce Éireann infrastructure interface including with rail, electricity, gas, waterways, and telecoms agencies.

The role is primarily officebased, with occasional requirements to attend offsite meetings.

Main Duties and Responsibilities:

  • Support the development and operation of effective Road Opening Licence processes and systems to ensure all road openings comply with regulatory requirements, TII Specifications and recognised industry best practice.

  • Assist Regional Operations teams in the management of Network Repair Crews carrying out road opening and reinstatement works.

  • Manage Road Opening Licences for Asset Operations, including defect resolution, reporting and coordination with Regional Operations teams and relevant crews.

  • Procure and manage permanent reinstatement contractors in line with Road Opening Licence processes, contract conditions and compliance requirements.

  • Use IT and Asset Management systems as a core part of daily work. Key tasks and systems include: – 

    • Preparing documentation, plans and presentations using Microsoft Word and Microsoft PowerPoint.

    • Preparing reports using Microsoft Excel and Power BI.

    • Managing Road Opening Licences on the MapRoad Licensing system.

    • Managing contractor works in Maximo.

    • Raising purchase orders and processing contractor payments in Oracle.

    • Managing and dispatching work orders using GIS.

  • Manage customer complaints, contractor compliance, payments and defects.

  • Attend and contribute to stakeholder meetings and site meetings as required. 

  • Build and maintain strong working relationships with Road Authorities.           

  • Coordinate with external utility providers and stakeholders including rail, electricity, gas, waterway and telecoms agencies.

  • Work closely with internal teams including Regional Operations, Asset Operations Workflow, Infrastructure Delivery, Connection Developer Services and Asset Planning.                             

  • Promote and maintain a knowledge base for relevant standards and specifications, particularly the Purple Book and TII National Road Specifications. Support a culture of continuous improvement in reinstatement and licensing processes. 

  • Assist in monitoring and reporting against Key Performance Indicators. 

  • Ensure compliance with Uisce Éireann’s Health and Safety, Environmental and Quality policies for all road opening and reinstatement activities.

  • Ensure adherence to Department of Transport traffic management requirements during project delivery.

  • Undertake required training as organised by Uisce Éireann.

  • Conducts duties and responsibilities in accordance with Uisce Éireann’s Information Security policies, standards, processes and controls to protect the confidentiality, integrity and availability of UÉ business information, and delivery of critical services, in accordance with the NIS Directive and any other relevant cybersecurity regulation.
  • Provide support to, and escalate issues appropriately to, the Roads and Utilities Technical Lead and Manager.

  • Carry out other duties as reasonably assigned by the Roads and Utilities Technical Lead and/or Manager in line with business needs.

Knowledge, Skills and Experience:

  • Relevant third level qualification and/or accreditation desirable and/or equivalent work experience. 

  • Minimum of three years’ experience in an engineering or related discipline, ideally within road management or utilities.

  • Strong IT capability with experience using Microsoft Word, PowerPoint, Excel, Maximo, Oracle, GIS, MapRoad Licensing and related systems.

  • Excellent interpersonal, communication and influencing skills.

  • In-depth Experience coordinating works with internal and external stakeholders.

  • Strong understanding of commercial contracts, dispute management, risk mitigation and delivering to quality, time and cost.

  • Knowledge of legislation and standards relating to works on public roads, including the Purple Book and TII Specification for the Reinstatement of Openings in National Roads is an advantage.

  • We work better together - Experience in managing works involving internal and external stakeholders.

  • We aim high - Strong understanding of commercial contracts, dispute management and mitigation and delivering to quality, time, and cost.

  • Ability to:

    • Develop relationships to achieve team goals and to deal effectively with differences of opinion or conflict.

    • Prioritise tasks, work with schedules and manage resources while remaining focused on team goals.

    • Collaborate across teams or functions to shape and implement efficient and effective processes.

    • Secure and analyse information to evaluate alternative approaches and make informed recommendations and decisions.

    • Excellent verbal and written communication skills

    The closing date for receipt of applications for this vacancy is 21/08/2026.

    Please note that applications submitted after this closing date will not be accepted. 

     

    Uisce Éireann is an equal opportunities employer. 

     

    We are committed to providing a diverse and inclusive place of work and have a robust strategy and framework called ibelong to enable this. We are an equal opportunity employer and through our recruitment process we welcome and encourage applications from interested and suitably qualified individuals regardless of gender, age, racial or ethnic origin, membership of the traveller community, religion or beliefs, family or civil status, sexual orientation/gender identity or disability.